Beathaisnéis an Dr. Séamas Ó Direáin
Tá seanfhocal ag muintir na Liotuáine — Nuo likimo nepabėgsi – a mheabhraíonn dom seanfhocal Gaelach: Ní chuireann an chinniúint a cosa fúithi. Is mar sin a chaith an saol liom féin.

Chuaigh mo sheantuismitheoirí uile ar imirce as Éirinn go Meiriceá roimh dheireadh an naoú céad déag. B’as tuaisceart Liatroma do thuismitheoirí mo mháthar agus b’as Inis Mór do thuismitheoirí m’athar. Rugadh athair m’athar, Pádraig Ó Direáin, i gCorrúch agus rugadh máthair m’athar, Mairéad Ní Cheallaigh, i gCill Rónáin.

Agus é ina mhalrach, chuala m’athair roinnt mhaith Gaeilge mórthimpeall air i mBostún, ach is beag di a thug sé leis féin cé is móite de chorrfhrása. Nuair a bhí mé féin agus mo dheartháir inár ngasúir óga, bhog mo thuismitheoirí siar go hiargúil Chalifornia. Ní bhfuaireasa féin deis ar an nGaeilge a fhoghlaim go dtí go rabhas i Nairobi, áit a rabhas i ndiaidh obair allamuigh do thaighde sochtheangeolaíoch ar dháileadh an Swahili i mbaile beag in iarthar na Céinia a chur i gcrích. B’é Kevin Flanagan as Béal Átha hAmhnais, Co. Mhaigh Eo, a bhronn orm deis chun an Ghaeilge a shealbhú agus, freisin, a chuir in aithne dom deoraí eile, Caomhán Ó Goill as Inis Mór. Oide scoile ab ea an tUasal Ó Goill agus bhí sé ina phríomhoide ar Ghairmscoil Éinne i gCill Rónáin ina dhiaidh sin. Ocht mbliana déag i ndiaidh dom bualadh leis, ghlac sé ról faisnéiseora i mo shuirbhé ar Ghaeilge Árann.
Agus mé i mbun oibre allamuigh in Inis Mór, tháinigeas ar mo phríomhfhaisnéiseoirí i dteach a bhí ar chúl an tí inar rugadh mo sheanathair i gCorrúch. Is dá bharr sin uile a labhraímse canúint seanathair nár casadh dom ariamh.
Is aisteach, freisin, gur Éireannach, Henry Newell, a chruthaigh an scoláireacht a thug trí Ollscoil Stanford mé, do mo réiteach, mar a shíleas, do shaol le teangacha Afracacha. Rugadh Newell in 1844, chuaigh sé ar imirce sna 1860í, agus chaith seal i Nua-Eabhraic ag búistéireacht. Faoi dheireadh a shaoil, ámh, bhí sé ina rachmasaí mianadóireachta in Salt Lake City, Utah. Cá bhfios nach raibh gaol aige le muintir Newell a luann Tomás Laighléis as Mionlach, Co. na Gaillimhe. Pé scéal é, is mór an seans gur Ghaeilgeoir é.
Cuairt an lao ar an athbhuaile nó filleadh an bhradáin ar a nead?
Séamas Ó Direáin – James Duran
An Poncán Gaelach
Stiúrthóirí: Traolach Ó Murchú & Eibhlín Ní Choistealbha
Tionscadal deiridh don Ard-Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Meitheamh 2005
Fotheidil: Séamas Ó Direáin & Martín Fernandez-Maceiras
Dr. Séamas Ó Direáin / James Duran
Year | Qualification |
---|---|
1975 | PhD sa Teangeolaíocht, Ollscoil Stanford |
1968 | MA sa Teangeolaíocht, Ollscoil Stáit Michigan |
1966 | MA sa Léann Afracach, Ollscoil Duquesne |
1960 | BA sna Eolaíochtaí Sóisialta, Ollscoil Stáit San Jose |
Teangacha | Gaeilge, Gàidhlig, Liotuáinis, Spáinnis, Fraincís, Gearmáinis, KiSwahili; LiNgala, Hausa, ChiBemba, Xhosa, Kipsigis. |
Tá dhá scór bliain caite ag an Dr. Séamas Ó Direáin leis an teangeolaíocht. Sular bhain sé amach a Dhochtúireacht sa Teangeolaíocht agus sna Teangacha Afracacha in Ollscoil Stanford i 1975, rinne sé taighde sochtheangeolaíoch ar dháileadh an Swahili i bpobal beag in iarthar na Céinia. I dtuaisceart Chalifornia anuas go lár na 1980í, mhúin sé Gaeilge agus Gàidhlig go príobháideach agus chan sé leis an mbuíon cheoil Cheilteach Sheila na Gig. Ansin bhog sé go deisceart Chalifornia, áit a raibh sé ina léachtóir le Teangeolaíocht Fheidhmeach, Dátheangachas agus Béarla mar an Dara Teanga i gcoláistí agus in ollscoileanna i gceantar Los Angeles. Ó 1989 ar aghaidh, ar mholadh na n-ollúna Joseph Nagy agus Patrick Ford, chaith an Direánach roinnt blianta ag teagasc na Nua-Ghaeilge ar Chlár Forleathnúcháin UCLA. I Samhradh 1990, chuir sé tús le hobair allamuigh in áit dhúchais a mhuintire agus, leis sin, le togra a mhair cúig bliana is fiche, Suirbhé ar an nGaeilge Labhartha in Oileáin Árann, Co. na Gaillimhe. I 1998, bhog an Direánach go hÉireann. Thug sé léachtaí ar chanúineolaíocht na Gaeilge agus mhúin gramadach na Gaeilge in Ollscoil Chorcaí. I 2002, rinneadh oide pháirtaimseartha de in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ag teagasc cúrsaí iarchéime ar an Téarmeolaíocht agus ar Stair agus Teoiric an Aistriúcháin, chomh maith le cúrsaí bunchéime ar an teangeolaíocht go ginearálta (An Duine agus an Teanga). Ó 2011 anuas, tá an Direánach ag cur faoi in A Coruña na Spáinne.
Foilseacháin áirithe de chuid an Dr. Séamas Ó Direáin
Altanna in Irisí
2014
"Conexións lingüísticas entre as Illas Británicas e a Península Ibérica: Unha perspectiva nova para unha pregunta vella (Nascanna Teangeolaíocha idir Éire agus an Bhreatain Mhór agus Leithinis na hIbéire: Peirspeictíocht Úr ar Sheancheist)", Anuario Brigantino, 37, 2014, 53-92.
2013
"Metaphors We Learn By: Lexical Resources for Irish Speakers", Journal of Celtic Language Learning, 17, 2012/2013, 63-85.
2011
"The Survival and Growth of Gaelic Language Communities in the 21st Century: Back to the Future?", Journal of Celtic Language Learning, 15/16, 2010/2011, 11-25.
1997
"Preparing a Structural Syllabus for Adult Learners of Irish", Journal of Celtic Language Learning, 3, 1997, 6-40.
1995
"Dialects, Speech Communities, and Applied Linguistics: A Realistic Approach to the Teaching of Irish in Non-Irish Speaking Areas", Journal of Celtic Language Learning, 1, 1995, 21-37.
"Branching Trees, Waves and Rising Tides: Some Reflections of the Notions of ‘Speech Community' and ‘Diffusion of Linguistic Traits' ", Journal of Celtic Linguistics, 4, 1995, 77-88.
1974
"The Ecology of Ethnic Groups from a Kenyan Perspective", Ethnicity, Uimh. 1, No. 1, 1974, pp. 43-64.
Altanna Díolama
2000
"Teaching the Initial Mutations in Modern Irish", foilsithe in NAACLT 2000, 6th Annual Conference of the North American Association for Celtic Language Teachers, Ollscoil Luimnigh, Meitheamh 2000
1994
"The Irish Language in Aran", in The Book of Aran, eag. J. Waddell, J.W. O'Connell, A. Korff, Tír Eolas, Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe, 1994, pp. 253-259.
"Teaching Irish in California: A Personal, Sociolinguistic and Applied Linguistic Retrospective", in The Irish Language in the United States: A Historical, Sociolinguistic and Applied Linguistic Survey, Connecticut, 1994.
1979
"Non-Standard Forms of Swahili in West-Central Kenya", in Readings in Creole Studies, eag. Ian F. Hancock, John Benjamins Publishing Co., 1979, 129-151.
Léirmheasanna
1997
Swahili and Sabaki: A Linguistic History le Derek Nurse agus Thomas Hinnebush, in International Journal of the Sociology of Language, 125, 1997, 151-159.
1993
The Irish Language in Society le Colmán Ó hUallacháin in International Journal of the Sociology of Language, 100/101, 1993, 264-269.
Páipéir Chomhdhála
2014
"Como Llegué a Participar en el Proyecto Gaelaico (How I Came to Participate in Proyecto Gaelaico)", Ateneo, Santiago de Compostela, Galicia, Deireadh Fómhair, 2014.
"La Prehistoria, la Lingüística y Galicia: Antiguos Lazos entre Galicia e Irlanda (Prehistory, Linguistics and Galicia: Ancient Connections between Galicia and Ireland)", O Facho, La Coruña, Galicia, Deireadh Fómhair 2014.
2009
"Rialtacht, Randamacht agus Mionphatrúin: Ag Déanamh Anailíse ar Ábhar Canúineolaíochta as Oileáin Árann", Comhdháil: Litríocht agus Cultúr na Gaeilge, Roinn na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, 16-17 Deireadh Fómhair 2009.
2000
"Ag Déanamh Taighde ar na Canúintí in Oileáin Árann: Féidearthachtaí, Fadhbanna, agus Fócais", Comhdáil do Theangeolaíocht na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh, Aibreán 2000
"Foinsí agus Faisnéis: ag Bailiú Sonraí faoi na Canúintí in Oileáin Árann", Tionól Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath, Fómhar 2000.
1996
"Micro-Dialectology in Inis Mór: Sociolinguistics or Dialectology?", Eighteenth Annual UC Celtic Studies Conference, UCLA, Aibreán 1996.
1992
"Doing Dialect Research in the Aran Islands: Some Reflections of a Field Worker", Fourteenth Annual UC Celtic Studies Conference, UCLA, Aibreán 1992.
1990
"Patterning in the Modern Irish Verb: Paradigms in Connemara Gaelic", Twelfth Annual UC Celtic Studies Conference/Celtic Studies Association of North America Annual Meeting, UCLA, Bealtaine 1990.
1988
"Some Considerations in Reconstructing Ritual and Religious Practice", Tenth Annual UC Celtic Studies Conference/Celtic Studies Association of North America Annual Meeting, UCLA, Aibreán 1988.