Mar a Thosaigh an Taighde

Le linn chuairt an Dr. Shéamais Uí Dhireáin ar Éirinn sa bhliain 1988, mhol Tomás de Bhaldraithe – údar na saothar fíor-thábhachtach The Irish of Cois Fhairrge, Co. Galway: A Phonetic Study (1966), Gaeilge Chois Fhairrge: An Deilbhíocht (1953) agus Seanchas Thomáis Laighléis (1981) – don Direánach labhairt le Máirtín Ó Murchú ag Scoil an Léinn Cheiltigh in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. Mhol an Dr. Ó Murchú go ndéanfadh an Dr. Ó Direáin taighde teangeolaíoch in Inis Mór ach go háirithe, ó tharla go ndearna Myles Dillon agus Heinrich Wagner taighde luachmhar ar chanúintí Inis Mheáin agus Inis Oírr sna 1950-idí agus iad ag bailiú faisnéise don Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects (LASID). Níorbh fhiú leosan beirt, áfach, aon taighde a dhéanamh in Inis Mór an tráth sin. Leis an bhfírinne a rá, ní dhearnadh aon taighde canúineolaíoch san oileán úd ó aimsir na scoláirí Holger Pedersen agus Franz Nikolaus Finck ag deireadh an naoú aois déag.

An Taighde Allamuigh 1990-1994

Rinne an Dr. Ó Direáin a chuid taighde allamuigh i rith an tsamhraidh idir na blianta 1990 agus 1994. Chaith sé samhradh na bliana 1990 in Inis Mór, samhradh na bliana 1991 in Inis Meáin, agus samhradh na bliana 1992 in Inis Oírr. Chaith sé samhradh na bliana 1994 ag cur bailchríche ar an Suirbhé sna trí oileán trí chéile. Ag tús na hoibre, ag glacadh leis an moladh a thug an Dr. Ó Murchú an chéad lá, chuir an Dr. Ó Direáin ceistneoir LASID ar bheirt in Inis Mór, sa bhaile fearainn Corrúch. Rinneadh seo ionas go mbeadh faisnéis ó Inis Mór ar fáil chun a cur i gcomórtas leis an bhfaisnéis a bailíodh ar shon LASID dhá ghlúin níos luaithe sa dá oileán thoir. Chun díriú ar na sonraí canúna a léireodh na miondifríochtaí teanga idir na trí oileán in aimsir an tSuirbhé, ámh, chum sé saincheistneoir a bhainfeadh ó fhaisnéiseoirí sna trí oileán go díreach an fhaisnéis ina ngramadach, ina bhfoghraíocht agus ina stór focal a léireodh príomhphatrúin na miondifríochtaí sin. Bhí sé mar aidhm ag an saincheistneoir seo ní amháin ilghnéitheacht na gcanúintí thar na trí oileán a léiriú ach ilghnéitheacht iontach na canúna in Inis Mór féin a léiriú. Mar a tharla, ba mhór ab fhiú an iarracht, mar bailíodh saibhreas faisnéise leis an saincheistneoir sin nach raibh súil leis ag an am a cumadh an ceistneoir.

Struchtúr an tSuirbhé

Tá trí imleabhar sa saothar seo:

  • Pléann Imleabhar a hAon go mion le hilghnéitheacht teanga thar Oileáin Árann
  • Léiríonn Imleabhar a Dó na táblaí faisnéise ina bhfaightear na príomhthréithe teanga ba bhun leis an díospóireacht in Imleabhar a hAon
  • Taispeánann Imleabhar a Trí na freagraí a thug an bheirt fhaisnéiseoirí i gCorrúch ar cheistneoir LASID ag tús an taighde in Inis Mór. Líonann a bhfreagraí 125 leathanach agus soláthraíonn siad go leor sonraí ar an gcanúint nach bhfuil ar fáil in aon áit eile sa Suirbhé. Ba í faisnéis an cheistneora sin a bhí mar bhun ag an gcuid eile den Suirbhé.

Maidir le tátail an tSuirbhé, tá siad le fáil in Imleabhar a hAon, ach díríonn siad ar an bhfaisnéis atá bainte ó na táblaí faisnéise. Chun teacht ar iomlán na faisnéise atá le baint as an taighde, caithfear díriú ar na páipéir gan foilsiú atá le fáil in Aguisín A ag deireadh Imleabhar a hAon. Ina measc tá:

  • plé ar cheisteanna teoirice agus modheolaíochta
  • cur síos ar dheacrachtaí na hoibre allamuigh
  • moltaí faoi bhealaí arbh fhéidir taighde allamuigh a dhéanamh sa todhchaí – go fiú ag oibrithe gan mórán oiliúna.

Cuirtear béim freisin ar luach an 300 léarscáil in Imleabhar a hAon de LASID, ina léirítear dáileadh leaganacha éagsúla focal áirithe agus foirmeacha gramadúla thar éadan na tíre. Féadann na patrúin sin léargas a thabhairt ar dhreach shoch-eacnamaíoch iarthar na tíre thar na céadta bliain, ar naisc trádála thar muir idir pobail ina gcónaí i bhfad ó chéile, cuir i gcás.

Ag Dearadh na dTáblaí Faisnéise le LaTeX

Ó tharla an Suirbhé seo á chur i gcrích thar thréimhse 25 bliain, is iomadh athrú a tháinig ar theicneolaíocht na foilsitheoireachta san achar céanna. Sa bhliain 2000, nuair ba mhithid tosú ar réiteach an ábhair taighde chun a fhoilsithe, mhol Scoil an Léinn Cheiltigh in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath don Dr. Ó Direáin lámhscríbhinn leabhair a réiteach leis an gcóras réitithe cáipéisí LaTeX. Sholáthródh LaTeX lámhscríbhinn den scoth go díreach ó chlódóir an ríomhaire sa chaoi nár ghá dul chuig gnáthchlódóir chun an saothar a chur i gcló. Ar an drochuair, ámh, cé go soláthraíodh LaTex lámhscríbhinn álainn, ba chóras an-chasta é le cur i bhfeidhm – go háirithe le linn dhearadh na dtáblaí faisnéise in Imleabhar a Dó. Gan cúnamh fíorchaoin thar 15 bliain ó Peter Flynn, Bainisteoir ar Electronic Publishing and Learning Technologies Units ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, ní fhéadfaí an saothar seo a fhoilsiú. In imeacht aimsire, d’fhéadfaí cuid den fhaisnéis theangeolaíoch a bhaint amach as an gcreatlach LaTeX ar mhaithe lena n-úsáid ar bhealaí eile. Faoi láthair, ámh, cuirtear an saothar ar fáil saor in aisce don ghnáthphobal ar an suíomh idirlín seo i bhfoirm PDF (3.1MB) inar féidir focail a lorg go héasca. Tá clár ábhar ann freisin le hipearnaisc inmheánacha a threoraíonn an léitheoir go díreach chuig ranna éagsúla an tsaothair.

Acmhainní

Cuireann muid na sleachta seo as an tSuirbhé a leanas ar fáil ionas go mbeidh scoláirí a mbeadh spéis acu i nGaeilge labhartha in ann eolas cruinn a chur ar thréithe teanga in aon cheantar. Is féidir leas a bhaint as na huirlisí seo chun taighde a dhéanamh in áit eile nó le faisnéiseoirí eile. Is féidir na habairtí trialacha i mBéarla a úsáid chun go bhféadfadh na faisnéiseoirí iad a aistriú ina ngnáthGhaeilge labhartha. Is féidir an ceistneoir don agallamh sochtheangeolaíoch a úsáid chun eolas a fháil ar shaol an fhaisnéiseora. Ar deireadh, nuair a bheas freagraí na bhfaisnéiseoirí taifeadta agus tras-scríofa, is féidir leas a bhaint as an innéacs chun teacht ar gach áit sna habairtí aistrithe ina bhféadfaí sampla de thréith áirithe teanga a aimsiú.

Bord Idirnáisiúnta Comhairleach

  • Peter Flynn MA, FICS, HND (BS), Bainisteoir ar na hAonaid Foilsitheoireachta Leictreonach & Teicneolaíochtaí Foghlama, Ollscoil Chorcaí
  • David Kelly, Teicneolaí Taighde, Institiúid de Móra, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
  • Oll. Nollaig Mac Congáil, Ollamh Emeritus, Iar-Chláraitheoir, Iar-Leas-Uachtarán, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
  • Oll. Joseph Nagy, Ollamh le Béarla, Ollscoil California, Los Angeles
  • Dr. Deirdre Ní Chonghaile, Bainisteoir Tionscadail, Suirbhé ar an nGaeilge Labhartha in Oileáin Árann, Co. na Gaillimhe; Comhordaitheoir Tionscadail, Amhráin Árann – Aran Songs
  • Eoin Ó Droighneáin, Aonad an Aistriúcháin & Pleanála Corpais, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
  • Oll. Kevin Scannell, Ollamh le Matamaitic & Ríomheolaíocht, Ollscoil St Louis
  • Dr. John Walsh, Léachtóir Sinsearach le Gaeilge (Sochtheangeolaíocht & Canúineolaíocht), Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

"Ó tharla go bhfuil sé chomh ceannródaíoch sin agus go bhfuil sé ag tógáil ar a bhfuil déanta cheana ins an réimse léinn seo, déarfainn go bhfuil sé ar an saothar is uaillmhianaí, is ildánaí agus is cuimsithí dá bhfuil ann i ngort na canúneolaíochta ar fad."

Nollaig Mac Congáil,
Ollamh Emeritus, Iar-Chláraitheoir, Iar-Leas-Uachtarán, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

"Is léir go bhfuil éacht déanta ag Séamas Ó Direáin lena chuid taighde teangeolaíochta ar na canúintí Gaeilge in Oileáin Árann. Is dócha gurb é seo an staidéar is cuimsithí ar aon chanúint Ghaeilge go dtí seo, agus tá sé go hiontach go mbeidh scoláirí agus taighdeoirí in ann teacht ar an anailís agus ar na bunsonraí go léir ar líne i bhfoirm inchuardaithe leictreonach."

Oll. Kevin Scannell, Ollamh le Matamaitic & Ríomheolaíocht, Ollscoil St Louis

"Baineann tábhacht náisiúnta agus idirnáisiúnta leis an saothar canúineolaíochta seo le Séamas Ó Direáin. Cuireann sé go mór lenár n-eolas ar chanúineolaíocht chomhaimseartha na Gaeilge trí chéile agus sáraíonn sé aon staidéar eile a deineadh ar chanúintí Árann roimhe seo. Is mór iad na deiseanna eile taighde a eascraíonn as agus tá áthas orm gur in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a bheidh sé lonnaithe feasta."

Dr. John Walsh, Léachtóir Sinsearach le Gaeilge
(Sochtheangeolaíocht & Canúineolaíocht)