Cur Síos ar an Tionscadal

Staidéar mionchruinn canúineolaíochta ar an nGaeilge labhartha in Oileáin Árann atá sa Suirbhé seo. Díríonn sé go speisialta ar na difríochtaí tíreolaíocha agus sóisialta a bhaineann leis na glúnta, idir shean agus óg, leis na hinscní (fir/buachaillí agus mná/cailíní), agus le leibhéil oideachais. Den chéad uair riamh i gcás aon teanga in aon áit ar domhan, déantar anailís chuimsitheach shochtheangeolaíochta agus canúineolaíochta ar raon leathan éagsúlachtaí a mhaireann san fhoghraíocht agus sa ghramadach. I gcás an oileáin is mó, Árainn (nó Inis Mór, mar a thugtar air amanta), tá mioneolas sa Suirbhé i dtaobh éagsúlachtaí foghraíochta, gramadaí agus an stóir focal go fiú ar leibhéal na mbailte fearainn. Bronnann dáileadh na mbailte fearainn agus suíomh straitéiseach na n-oileán féin i gCuan na Gaillimhe idir Conamara, Oirthear na Gaillimhe agus Co. an Chláir soiléire luachmhar ar phatrúin shuntasacha na héagsúlachta teanga a nochtaítear sa staidéar. Dá réir sin, is ionann an Suirbhé seo agus comharba ar an gcuid de shaothar clúiteach Heinrich Wagner, Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects (1958-69), ina fhaightear léargas den scoth ar an nGaeilge a bhí á labhairt in Oileáin Árann i dtreo dheireadh na fichiú aoise. Trí scrúdú a dhéanamh ar bhealach úr uaillmhianach ar na hathruithe casta atá tagtha ar an teanga ina comhthéacs sóisialta, cuireann an Suirbhé seo cloch mhór ar chairn na canúineolaíochta agus na sochtheangeolaíochta agus cuireann freisin le léann na Gaeilge. Níl aon cheist, mar sin, ach go bhfuil tábhacht idirnáisiúnta ag baint leis.

Geographic coverage of the study

An Chanúineolaíocht

Is éard atá i gceist leis an gcanúineolaíocht thraidisiúnta ná míniú ar dhifríochtaí teanga idir pobail i réigiún ar leith, pobail a labhraíonn an teanga chéanna. Nuair a scrúdaíonn canúineolaithe pobal beag, cuireann siad síos ar thréithe ginearálta na canúna a labhraítear sa phobal sin. Cé go dtugtar éagsúlachtaí inmheánacha san áireamh uaireanta, ní ar an ábhar féin a dhíríonn siad a n-aird. Is é sin le rá, níor phléigh an chanúineolaíocht go dtí seo le cur síos córasach ar na difríochtaí urlabhra a fhaightear i bpobal beag faoi leith.

An tSochtheangeolaíocht

Is éard a bhíonn ar bun sa tsochtheangeolaíocht, ámh, ná plé go díreach leis na difríochtaí sin – na difríochtaí san urlabhra atá le sonrú idir grúpaí daoine atá ina gcónaí taobh le taobh sa phobal céanna. Anuas ar sin, cuireann sí foirmeacha áirithe urlabhra i leith sainghrúpaí sóisialta sa phobal. Is féidir go minic idirdhealú a dhéanamh idir na grúpaí sin de réir aoise, inscne, leibhéil oideachais, creidimh, bunadh eitneach, etc. Go dtí seo, dhíríodh sochtheangeolaithe ar chúpla gné faoi leith den teanga – difríochtaí san fhuaimniú, sa ghramadach nó sa stór focal – a dhealaíonn grúpa amháin ó ghrúpa eile sa phobal.

Comhtháthú idir an Chanúineolaíocht agus an tSochtheangeolaíocht

Sa Suirbhé seo, aontaítear an chanúineolaíocht agus an tsochtheangeolaíocht le chéile ar bhealach neamhghnách. Is fearr a d’fheilfeadh an scála beag bídeach tíreolaíoch a sholáthraítear don sochtheangeolaí ná don chanúineolaí, a shílfeadh nach mbeadh dóthain éagsúlachta laistigh de limistéar chomh teoranta. Ar an lámh eile, is fearr a d’fheilfeadh an raon fairsing de ghnéithe teanga a sholáthraítear don chanúineolaí ná don sochtheangeolaí, a shílfeadh an fhairsinge úd a bheith iomarcach doláimhsithe, ró-mhór agus ró-chasta. Ba léir ó thús an taighde go mbeadh cur chuige áirithe ag teastáil chun plé leis an dlús mór de shamplaí teanga a bhí á mbailiú in Oileáin Árann. Agus an mhodheolaíocht chomhtháite i bhfeidhm, is fearr a léireofaí an saibhreas teanga a bhain cáil amach riamh don chanúint áitiúil. Is léir anois ó thorthaí an taighde gur rí-mhaith a chruthaigh an cur chuige sin.

Spléachadh ar Fhorbairt Canúna

Baineadh an-leas go deo sa staidéar seo as peirspictíocht na ngramadóirí giniúnacha, as teoiricí a bhfuil baint acu le Noam Chomsky. Feicimid cainteoirí indibhidiúla thar thrí ghlúin éagsúla ag roghnú foirmeacha teanga as raon fairsing leaganacha, agus iad ag cruthú a gcórais ghramadaí phearsanta féin i nganfhios dóibh féin. Is é sin, faigheann muid spléachadh ar fhorbairt nádúrtha teanga phobail – na páistí i ngach glúin nua cainteoirí ag sealbhú bunús na teanga ina dteaghlach féin agus ansin ag forbairt a dteanga indibhidiúil féin dá mbuíochas agus iad i gcaidreamh leis na páistí a mbíonn siad ag spraoi agus ag foghlaim leo sa chomharsanacht agus ar scoil. San fhaisnéis theanga a fuarthas ó na glúnta éagsúla sa phobal, feicimid fórsaí éagsúla ag múnlú na canúna. Tá na fórsaí leathana ann is cúis leis na hathruithe fadtréimhseacha ar chóras na mbriathra agus ar dhíochlaontaí na n-ainmfhocal agus na n-aidiachtaí sa Ghaeilge leis na céadta bliain. Anuas orthu sin, tá buanfhórsaí an roghnaithe nádúrtha ann agus iad sin ag dul i gcionn ar na leaganacha teanga atá i bhfeidhm ag na cainteoirí faoi láthair – foirmeacha nua á gcruthú sa teanga agus seanfhoirmeacha ag dul i léig.

Inis Oírr
Inis Oírr (pic. Deirdre Ní Chonghaile)

Nuálaíocht & Cruthaitheacht Teanga á gCeiliúradh

Léirítear sa Suirbhé gur míchruinn róshimplí an coincheap a deir go bhfuil leagan ‘níos glaine’ den chanúint ag an seandream. In Oileáin Árann, ní hionann urlabhra na seandaoine agus ‘leagan clasaiceach’ den chanúint, leagan atá á ‘thruailliú’ ag an dream óg ar chaoi éigin. Is cinnte go bhfuil na cainteoirí óga ag bogadh na canúna i dtreo na Gaeilge caighdeánaí scríofa agus go bhfuil a lán gnéithe nuálacha le sonrú ar a gcuid Gaeilge. Mar sin féin, baineann an nuálaíocht freisin le cainteoirí aosta, mar is léir ón taighde a rinne Holger Pedersen (1867-1953) os cionn 100 bliain ó shin. ‘An Dane’ a thugtar fós ar an teangeolaí úd ón Danmhairg agus is léir go raibh go leor nuálaíochta teanga sna scéalta agus sna hamhráin a bhreac seisean ó dhaoine aosta in Árainn sna blianta 1895-6. In ainneoin cháil na hársaíochta atá ar Ghaeilge Árann, is follasach go mbaineann cruthaitheacht leis na cainteoirí ar fad agus iad ag múnlú na canúna ó ghlúin go glúin. Seans, mar sin, gurb í an tábhacht is mó atá leis an Suirbhé seo ná go gceiliúrann sé cruthaitheacht an uile dhuine.

Deiseanna Taighde Amach Anseo

Le breis agus céad bliain anuas, b’iontach agus ba mhealltach an acmhainn don taighde teangeolaíochta é réigiún Chuan na Gaillimhe. Is í an Ghaeilge teanga an phobail anseo leis na mílte bliain agus tá sé fós ar na háiteanna is láidre a bhfuil an Ghaeilge á labhairt iontu. Lena chois sin, is réigiún leathan é Cuan na Gaillimhe atá suite ar an teorainn idir dhá chúige – Cúige Chonnacht ó thuaidh agus Cúige Mumhan ó dheas – sa chaoi go dtagann canúintí na gcúigí sin i gcaidreamh agus i gcoimhlint lena chéile ar talamh agus ar muir. Sa chomhthéacs sin, is díol spéise ar leith iad Oileáin Árann ó tharla iad ag trasghearradh na teorann sin. Tig leo léargas an-chruinn a thabhairt ar éagsúlachtaí teanga in imeallchríoch thábhachtach.

Corrúch, Árainn
Corrúch, Árainn (pic. Rónán Mac Giolla Pháraic)

Ag Tógáil ar Obair na gCeannródaithe

Ba é Franz Nikolaus Finck (1867-1910) an chéad scoláire a thug léargas éigin ar an nGaeilge labhartha i limistéar Chuan na Gaillimhe. I ndiaidh dó ceithre mhí a chaitheamh ag tras-scríobh ábhair in Oileáin Árann sna blianta 1894-5, réitigh sé an chéad staidéar teangeolaíochta ar an nGaeilge, Die araner Mundart: ein betrag zur erforschung des westirischen (1899). Go gairid ina dhiaidh sin, chaith Holger Pedersen (1867-1953) sé mhí in Oileáin Árann sna blianta 1895-6. Tá scoláirí eile i ndiaidh cur le líon na saothar teangeolaíochta ó shin: orthu sin, tá saothar Heinrich Becker in iarthar Chonamara agus in Inis Oírr (1939), saothar Thomáis de Bhaldraithe ar Ghaeilge Chois Fharraige (1945-53), saothar Heinrich Wagner The Dialects of Connaught (LASID, Imleabhar 3, 1982), saothar Bhriain Uí Churnáin ar Ghaeilge Iorras Aintheach (1996-2007), agus saothar Bhriain Uí Chatháin ón mbliain 1990 anuas ar Ghaeilge Inis Oírr.

Eoghanacht, Árainn
Eoghanacht, Árainn (pic. Bailiúchán Béaloidis Árann)

Tátail & Ceisteanna

Ach comparáid a dhéanamh idir na saothair sin agus an Suirbhé seo, tig linn roinnt conclúidí nó moltaí a chur chun cinn. Cuir i gcás, táimid ionann is cinnte gurb í canúint Chois Fharraige máthairchanúint na Gaeilge a labhraítear in Árainn agus in Inis Meáin, agus tá baint ag canúint Inis Oírr leis na canúintí thoir timpeall Chuan na Gaillimhe beagnach chomh fada le Cathair na Gaillimhe. Éiríonn ceisteanna as an saothar seo freisin. Cén gaol atá idir na mórcheantair theangeolaíochta seo? Cad a léiríonn na canúintí atá anois ann faoi stair an réigiúin seo? Cad iad na ceantair chanúna eile is féidir a rianú laistigh de réigiún Chonamara agus Oileáin Árann agus laistigh de Chúige Chonnacht trí chéile? Cad iad na hathruithe teanga atá le sonrú ar na canúintí beo? Tá gach cuma air go mbeidh tarraingt na dtaighdeoirí teangeolaíochta feasta ar réigiún sainiúil Chuan na Gaillimhe mar gur áit í ina bhféadfar na mórcheisteanna sin a chíoradh go mion tairbheach.

Léigh a thuilleadh faoin Taighde »